Cois Abhann na Séad – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Cois Abhann na Séad

Cois abhann na séad ar uair roimh a’ lae, ‘s mé ag imeacht fé dhéin mo shláinte,
Mar a mbídís caora ‘gus cnó buí ar ghéagaibh is mil bheach ‘na shlaod ar bhánta.
Do labhradar na h-éin, do lasadar na spéartha, bhí an fharraige ‘na caor- luisne lán suas,
Do mhúscail an ghrian a bhí le sealad mór fé chiach agus d’éirigh an t-iasc ‘na lán rith.

Ansúd ar dtúis ar imeallaibh ciúise coille cumhra sea tharla
An fhinne-bhean fhionn gur bhinne liom a tiúin ná an fidil, an fliúit ná ‘n cláirseach.
Ba bhreá deas a súil, a mala caol cumtha, a leaca bhí mar chúr na trá amuigh
Ba ghile í ar a píb ná an eala ar an linn is do líon mo chroí le grá dhi.

Nuair a dhearcas í ansiúd mar a bhí an ainnir ba chaoine ‘s ba bhreátha,
Bhí scáil na gcaor ‘na leacain réidh agus fátha bhí ‘na gáire.
Dob é an chom slím do lagaigh mé im chroí le taitneamh dá cló ‘s dá gáire,
Ó bhaitheas go bonn bhí a ciabh léi go trom is a cúl buí go casta fáinneach.