An Chaora Ghlas – Sean nÓs na bhFear 2025
Amhránaí
An Chaora Ghlas
Sé an trua é gan mise is mo chéad searc
Ar mhullach an tsléibhe amuigh,
‘S gan neach ar bith beo inár ngaobhar
Ach an sneachta dhá shéadadh anuas,
Dhá láimh i mbrollach mo léine
‘S go deimhin níor bhaol linn fuacht
Is go dtabharfainn póg mhilis dá béilín
A chuirfeadh na céadta chun suain.
Is a tháinig mé isteach ag mo mháithrín
Is mo bhalcaisí báite fliuch,
Ó, muise, a Mhicil na páirte cá raibh tú ar a snámh inniu?
“Nach cuma sin dhuitse, a mháithrín
Ní bhaineann mo chás sa dhuit,
Ach go ndeachaigh mé i gcontúirt mo bháite
Le Máirín taobh thall den sruth.”
Is déanfaidh mé cuilt de mo bhríste
A sheasas le linn na bhfear,
Is ní bhearadh mé an fhéasóg seo dhíomsa
Nó go bhfásfaidh sí míle ar fhad,
Go dtosóidh sí ag crapadh ‘gus ag síneadh
Nó chomh giobalach le caora ghlas,
Is mar a bhfaighidh mise bean ar an gcaoi sin
Ó, tréigfidh mé an tír ar fad.
Is nach é an trua é is mé ag tíocht go lá ‘Le Pádraig
Is mo theanga chomh bán le cailc
Is a liachtaí sin cailín deas álainn as seo go dtí barr na ngealt
A thabharfadh dhom póg is céad fáilte
Is a croitheadh liom láimh i gceart
Is a stór os anois ag fáil bháis mé
Nach galra gan náire é an tart.
Deir mo mhuintir go bhfuil mé is tú pósta
Ach m’anamsa fós nach bhfuil
Is ar a bhfuil de leabhra i mo phócaí
‘S gur ag dradaireacht leo a bhím
Ó, éirigh is cur ort do chuid éadaí
‘Gus cóireoidh mé fhéin do chúl
Is mar a bhfaigheadh muid ár bpósadh in Éirinn
Ó beidh muid ag dul anonn
Is, níl sé ach mí anois ó phós mé
‘Gus is faide liom lá ná bliain,
Round the world for sporting
Musha faraor nár phós mé riamh,
Mar gealladh eallach is maoin dhom
Ní bhfuair mé ach lao ‘gus bó,
‘S nach cailleadh an lao ins an ngeimhreadh
‘Gus an t-earrach dar gcionn an bhó.