Úna dheas ní niadh – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Téamaí
Úna Deas Ní Niadh
Dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Mar bheinnse ag dearcadh dealramh, is gile deise ‘s breáthacht
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.
‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó ag súil le blas a bpógín, sí an ógh í a bheannaigh Críost
Ach ina diaidh ní bhairfid beo mí, leis an méid a dtug mé grá dhi
‘Sé an feall gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.
An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh, is í gléasta suas go cóiriúil,
Ba ghearr leis an réalt eolais í goil romham amach sa tslí.
Ach níl an baol seachmall ná ceo ar bith, choíchín ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.
Tá a cúilín trilseach fáinneach is é fite i ngar dá cluasa.
Tá a grua ar an bhean rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stuaire,
Mar san áit ar cheap Dia lóistín di i dteorainn Inis Nia.
‘S dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréigigh ag goil chun cogadh leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.
‘S dá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Saibhreas Rí na Spáinne ‘s é a fháil ar fad le roinnt
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas nach dtabharfainn ina láimh dhi
Ar chuntas gur mise an Páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia
‘Sí Úna mhaiseach mhómhar a fuair a’ bua ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, le gean is le córtas lena háilleacht is le gnaoi
‘S dhá bhfaighinnse mo rogh’ le tógáil ar mhná dheasa chríoch Fódhla
‘Sí Úna bhán a roghnóinnse i dtosach ar mhná an tsaoil
‘S nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í
Sul má cailleadh fir níos tréine nach mbéarfar go deo deo aríst
Ó Heirciléas is a ghaolta , ach cén mhaith dhomsa bheith a’ cur síos ar
Ach é a fhágáil ag lucht léinn é ‘s lucht a’ seanchais le roinnt