Aisling Gheal – Sean Nós na bhFear 2013

Aisling gheal do shlad trím néal mé,
Go rabhas-sa tréith-lag ar seal im luí,
Is go rabhas i ngleann cois abhann im’ aonar,
Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí
Go raibh na campaí Gall agus Gaelach
Is claimhte géara ag uaisle an tsaoil,
Le breith barr áidh is a rá le chéile
Go raibh lá na naomh anois le fáil gan mhoill.

Ba ghearr a ‘seal dom gur dhearcas maighre,
‘Gus gruaig a cinn go féar a’ fás,
A folt a tíocht mar na réalthainn
Ag titim léi-se go barr a troighe,
A scuabadh an drúchta de bharr an fhéir ghlais,
‘S is lúfar éadrom mar a shiúlódh sí,
A dá chíoch chruinn ar a hucht go néata,
A grua mar caortha is ba gheal í a píp.

Do bheannaíos-sa do mo chuid i nGaolainn,
‘Gus is modhail ‘s is béasach a d’fhreagair sí,
Ó a phlúr na bhfear, mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé nár tháinig go haois.
Dhá dtéadh sa ghreann dúinn clann a dhéanamh,
Go mbeifeá séantach sa ngníomh,
Gur gearr ón mbás mé, go bhfágfainn Éire,
I mo ghóist im aonar bheinn romhat sa tslí.

Is go deimhin féin a óigbhean dhá mba áil leat mé a phósadh
Gurbh é is dócha ná mbeimís bocht
Is gur gearr go dtógfainn teaghlach nua duit
Bheadh go ró-dheas idir shlinn is cloch
Is imirt chóir ar gach cluiche i gceart
Is is fíor go bpógfainn ó m’chroí mo stóirín
Is bí ar mo thórraimh nó tabhair dom gean.

Do leagas mo lámh uirthi go béasach
Ó bhun a stays go dtí barr a troighe,
In aghaidh gach stair go ndeininn a lé’ dhi
Go bpógfainn a béilín tláth arís.
Nuair a fuaireas-sa dhom gur ghéill sí.
Mo chroí do léim mar éan ar chraobh,
Trí lár mo smaoinimh ó gur dhúisigh néal mé
Is mar chumha ina déidh siúd ní mhairfead mí.