An Binsín Luachra – Sean Nós na bhFear 2014

Go moch is mé go huaigneach, ar bruach coille glaise lá
Mo choin agam ‘s mé ag gluaiseacht go huasal ‘s gunna im’ láimh
Cé chífinn chugam ach stuaire an chúil dualgaig s’ an muiníl bhán
‘S ábhar binsín ar a boim aici den luachar ba ghlaise fás.

Do bheannaíos don chúilfhionn ‘s d’fhiafraíos dhi cá raibh a treo
Nó an dtabharfadh sí dom póigín a leigheasfadh dhá dtrian dem bhrón
‘Sé dúirt sí ‘Ná dein díth dhíom ó rángaíos-sa chomh moch i treo
‘S ná loit mo bhínsín luachra tar éis a bhfuaireas-sa dhá thrioblóid.

‘S a chailín bhig na luachra do thugas gean dod’ leacain bhán
Is tá mo chroí istigh buartha, ó suigh anso ‘s tabhair dhom do lámh
‘Sé dúirt sí ‘Liog dod ‘ráite, tá an luachar seo ró-ghlas go fóill
Is ar theacht mí na Bealtaine beidh binse againn den luachair nóig.

Is nach buacach blasta bláthmhar a d’fhásfadh siad ar bruach na h-abhann
Gan de bheann acu ar bháistigh sa gheimhreadh nó ar shneachta bhán
Nílid níos breátha níos áille ar fud an domhain
‘S gurb é dúirt sí ‘Fan go lá againn, tá a lán acu nár ghearras lom.

Is nach bríomhar tapaidh láidir do ghearrfainnse beart le fonn
Mar a mbíonn broic sa loich ag snámh ann ‘s ag pléireacht ar fud na h-abhann
Bíonn an lon ‘s an chuach ‘s an smólach go ceolmhar ar fud na habhann
Is do shuíomar síos go grámhar ar an mbínsín is d’fhanas ann.

Is cailín deas a b’fhearr liom ar lámh liom dá bhfaca riamh
Mar dá bpósfainn cailleach gránna mo léirscrios ní mhairfinn bliain.
‘S dá raghfá liom thar sáile go dtí áit úd a bhfuil mo thriall
Do bhainfinn binsín breá duit chomh hálainn ‘s a d’fhás siad riamh.

Is ainnis tá mo theaghlach gan adhmad air ná scraith ná scáth
‘S níl drúcht na tine adhaint ann ‘s níl oigheanta le crochaibh lámh
Níl cú, níl cat níl gadhar ann, níl aon ghreim de aon rud le fáil
‘S carb áil dom i bhfeighil siúd ó dheighil uaim mo chailín bán.