Bóthar Chluain Meala

Amhránaí

Bóthar Chluain Meala

Ar mo ghabháil go B’leá Cliath dhom

Go dian-mhoch ar maidin

Do casadh cailín óg orm
A raibh scáil a’ rósaí ‘na leacain,
D’fhiosraigh díom an óigbhean
“Cá gcónaíonn tú a mharcaigh?”
“Cónaím i dtigh lóistín
Ar bhóthar Chluain Meala”

“Is aithris scéal nua dhúinn
Ó’r tú is déanaí d’fhág an baile
An maireann do chéile
Nó an raibh sí ariamh
“Tá sí go tinn tréith lag
Mo chiap, ar an leaba,
Is dochtúirí ní bhfaighinnse
A leigheasódh a galar.”

“Éist, éist a óighfhir
Cá bhfios ná bhfuil marbh
Is go ngabhaimís le chéile
Go deo deo fad a mhairfeam”
“Gheobhaidh tú airgead id’ phócaí
Is ór buí le scaipeadh,
Is mé féinig mar nóchar
Ag cóiriú do leapan.”

Ní thiocfadsa, is tú a phósadh
Is mo rian stóir a sheachain
Is mo leanaí beaga óga
A bheith gan máthair, gan athair
Mar thá cúram orm iad a thógaint
Iad a ní is iad a ghlanadh
Agus grá ní thabharfainn d’ao’ bhean eile
Ach do mháthair mo leanbh.

“Do thugas grá mór duit
Ar do ghrua ‘s ar do leacain
‘S ar do chomhrá binn béasach
Athá tar éis mo chroí a chaitheamh
Mara dtigir ‘s mé a phósadh
Le comhairle na sagart
Úachtaím dom cháirdibh
Go bhfágfad tú marbh”

“Mo shlán beo-sa siar chughat
A ghrian-bhruinneall álainn
Is a chailín chiúin chiallmhar
Ó bhruach na Siúire,
Go mbíodh na fir óga
A’ teacht iarradh le grá dhuit
Is go mb’fhiú thú mac Iarla
Dá thriall chugat thar sáile”

“Tá mo leanaí ag béice
Is ag síor-ghol ó éagas
Tá a gcuacha gan cíoradh
Ná suim ‘chuir ‘na mbéile,
Tá siad ag rince
Le baois na dícéille
Agus mise a’ siúl coillte
‘S nach bhfaghinn dul ghá bhféachaint”.