Sliabh na mBan – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Sliabh na mBan

Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach
Is ní fhásann féar ins na gaoir ceart;
Mar nach bhfuil suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Ach í ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bas.
Á rá liom faothamh, ní bhfaighidh na séimhfhir
Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,
Ag an trúp so méirligh is iad ag teacht lena chéile
Is go mbuailfí caoch orainn ar Shliabh na mBan.

Is oth liom fhéinig bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaeil bhocht is na céadta slad;
Mar thá na méirligh ag déanamh géim dhínn,
Is a rá nach aon ní leo píc ná sleá.
Níor tháinig ár major i dtús an lae chughainn,
Is ní rabhamar fhéin ann i gcóir ná i gceart,
Ach mar a sheolfaí gan aoire tréad bó ar aonach
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.

Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan lé héirim istoíche stad,
Go mbeidh dúthaí Déise is fearann Paorach
Ag triall lena chéile ón dtír aneas.
Go mbeadh ár gcampaí déanta de fórsaí tréana,
Go mbeadh cúnamh Dé linn sa saol ar fad,
Is ní dhíolfadh méirleach do mhuintir Néill sinn
Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan.

‘Sé Ros do bhreoigh is do chloí go deo sinn,
Mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag;
Leanaí óga ’na smúrabháin dóite.
Is an méid a dh’fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
Ach geallaim fhéin dhíbh an té a dhein an foghla,
Go mbeinn i gcóir dó le píc is le sleá,
Is go gcuirfeam ‘Yeomen’ ar crith ’na mbróga,
Ag díol an chóir leo ar Shliabh na mBan.

Thá an Francach faobhrach is a loingeas gléasta,
Ar cranna géara ar muir le seal;
’Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn,
Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís ’na gceart.
Dá mba dhóigh liom fhéin-each go mb’fhíor an scéal úd,
Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon ar sceach,
Mar go mbeadh cloí ar mheirligh is an adharc á séideadh,
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.

Thá na Cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais,
Thá an aimsir óg is an chabhair ag teacht;
An té mhill na gnótha sé a leigheasfaidh fós iad,
Is ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sleá.
Píosa coróineach, an chuid ba mhó dhe,
Luach éiric bó nó teaghlaigh dheas,
Beidh rince ar na bóithre is soilse á ndó againn
Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.