Éire – Corn Uí Riada 2019

Amhránaí

Téamaí

Éire

Aréir is mé go huaigneach im’ luí ar mo leaba im shuan dom
Ag smaoineamh ar na cruabhearta fém thuairim ‘bhí im’ chóir,
Nuair a tháinig an ríbhean uasal, is lem’ thaobh gur shuí sí suas liom,
Ba bhinne liom a duanta ná a dh’airíos riamh dhe cheol.
Sí coisín deas i mbróigín is a coimín snoite cóireach
A píb ba ghile is dóigh liom ná an eala ar linn ag snámh.
Bhí a guth chomh binn le smóilín is a grua mar na rósaí
Is a cúilín croitheach ómrach ag sileadh léi go sáil.

D’fhiosraíos féin dhen ríbhean cá háit nó tír ar dhíobh í
An baile poirt ‘na mbíodh sí nó an bean í ‘thit i mbrón.
Go dtáinig sí ‘nár dtimpeall chomh déanach seo san oíche
Gan aoinne beo dá coinleach ach í ag síor sileadh deor.
An tú Pálás nó an tú Véineas a bhí pósta ag Vulcan béaldhuibh?
Nó an tú Ariadne nó Dido gan ceo
An tú Juno nó fair Helen thug barr is gean ón nGréig léi
T’ainmse anois ba mhéin liom, nó cá bhfuil do ghnó?’

M’ainmse anois más méin leat i dteanga chliste Ghaelainn
Gur bean thar lear i gcéin mé gan aon stoc ná stór.
Is go bhfuil mo chlann dá céasadh ag clanna Gall fé dhaorsmacht
Coistí crua dá ndaoradh ‘s gan aoinne ‘teacht ‘na gcóir.
Beidh siad ansiúd ar thaobh chnoic is a ndrumaí acu á bpléascadh
Ag cur na bhfear le chéile ‘sa ngunnaí deasa i gcóir
Beidh an Colonel Wallace tréithlag gan brí ná lúth na ngéaga
Ag bodaigh an fhill ‘san éithigh ‘s gan aoinne acu ar an bhfód.

Thá fórsaí móra i Londain ag teacht anall d’ár n-ionsaí.
Ach de réir mar a deir na húdair, ní éireoidh sé leo,
Mar thá scata d’fhearaibh mhúinte ón Fhrainc sa tseilg rompu
Fir mhaithe thapaidh lúfar nach ndiúltódh don ngleo,
Ag cur faobhair ar a gclaimh le dúthracht nó seal ag scaoileadh fúthu
Is gach dá bhfuil ag tnúth leo ag súgradh is ag spórt.
Beidh an Duke of York is a thrúpaí go traochta, tuirse túirse
‘Sí Beití a dhein an mhúscailt a bheidh dúbalta fé bhrón.

Thá an Sasanach diabhail seo i dteannta an Phresbitéiriain faonlag
‘S an Quaker milis mealltach gan dabht ann fé bhrón.
Beidh Swadeléirí i mbranraí, lucht Seekers crochta ar chrann ann
‘S an tOrangeman gan amhras go ramhar ar a thóin
Beidh curaidh móra scallta in Ifrinn thíos gan amhras
Ministéirí ‘rinnce ann ‘is a ramhar-gcorp dá ndó
‘Sé an rann athá ag an ndream úd, sliocht Luther, mhéirligh an chlampair
Is geallaim-se anois gan amhras go bhfuil an scranradh os a gcomhair.