Caoineadh na dTrí Muire – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Caoineadh na dTrí Muire

Tháinig na Trí Mhuire leis na trí scread chráití
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Goitsigí a dhá Mhuire nó go gcuidí sibh mo leanbh a chaoineadh
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Níl a dhath le caoineadh mura gcaoine muid a chnámha
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Caoinfidh mé féin é is agam atá an t-ábhar
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tá a cheann ó gearrtha is a bhéal ó briste
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tá an tsráid seo uilig lán dá chuid fola
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
B’é seo mo leanbh a gineadh insa Mhárta?
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
B’é seo mo leanbh a d’iompair mé trí ráithe?
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
B’é seo mo leanbh a tháinig chun tsaoil insa stábla?
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Gabhadh duine agaibh ‘na ceárta a dhéanamh na dtáirní
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Táirní maola is bíodh siad láidir
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tógaigí libh i dteach dhorcha go lá é
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Fágaigí síos é síos in ucht a mháithrín
Och, och ‘gus mo bhrón go deo.