Úna Bheag na hÁite – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Úna Bheag na hÁite

An dream sin a mbíonn an ball orthu nach beag a thig anall acu
Tá an baile seo gan cheannfort ó d’imigh Éamonn Óg
Bhí Éamonn Óg is na haicsean ann is bhí Bonaparte ‘na sheasamh ann
Ar an quarterdeck ina sheasamh bhí sé i lár an Bhriste Mhóir.

Úna Bheag na háite nach tú a fuair cliú agus áireamh
An lá sin in Rath Mealltáin ag aonach na Féil’ Eoin
Scilling is punt de dh’airnéis a fuair tú in do láimh dheis
Le cois an ghiní ghallta agus cárta le hól.

An mac sin Liam na Carraige nár umhlaigh riamh do fhear ar bith
In  Éirinn ná in Albain ná in Sasain ó lár
Cabhlach mór na Fraince a bheas ag dúil le grandeur
Agus gurb é déarfadh ‘ach uile cheannfort, “Let down the collar mór”.

Tá eala ar chaol na tráighe ag gabháil thart sáile amárach
‘Na Fraince nó ‘na Spáinne nó go Pairlimint an Rí
Tá Úna a’ gabháil thar sáile teacht na Féile Pádraig
Go scríobhaí sí don Bhanríon, “I will make you tea”.