Liam Ó Raghallaigh – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Liam Ó Raghallaigh

An cuimhneach libh an oíche a raibh an tsráid seo lán d’ mharcaigh
Ag sagairt ‘s ag bráithre ‘s iad ag trácht ar an mbainis.
Bhí an fhidil ar clár ann is bhí an chláirseach dhá spreagadh,
‘S bhí triúr de na mná bána ann le mo ghrása a chur ‘na leaba.

I mo bhaintreach ‘s in mo mhaighdean a fágadh mé go hóg,
Tabhair scéal ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinnse sa mbád an lá sin ‘s mo dhá láimh bheith agam sa scód,
‘S dar m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gur deas mar leigheasfainn do bhrón.

Tá do shúile ag na péiste ‘gus tá do bhéal ag na portáin.
Tá do dhá láimh gheala ghlégeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Chúig phunt a bhéarfainn don té a thógadh suas mo ghrá
Sé mo léan thú a bheith in t-aonraic a Neilí ghlégeal Nic Siúrtáin.

Mo mhallacht do na saortha a rinne an bád.
Nár aithris dhom péin go raibh an t-éag ins na cláir.
Dhá dteithfeá go Coilltí Eochaill agus an t-adhmad a cheannacht daor,
Ní bháifí mo mhíle stóirín ar chóstaí Malbay.

Ní hionadh liom scéal cráite a ‘bheith ag do mháithrín ‘gus ag t’athair,
‘S ag banaltra na gcíocha bána a bhíodh ag tál ort is tú ‘do leanbh.
Ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Nuair a shíl sí a dhuil dá cóiriú nach ar do thórramh a bhí an bhainis.

Níor mhór liom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
Is bráithlín ghlan glégeal a bheith thar timpeall air san oíche
Maighdean chiúin chéillí a bheith ag réiteach a chinn,
Ach ó luadh sinn chomh hóg le chéile sé’n trua mar d’éag tú le mo linn.