Amhrán Mhuínse – Amhráin is Ansa Liom

Amhrán Mhuínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó i sléibhte i bhfad ó thír
Is gan éinne beo i mo ghaobhar ann ach an raithneach ghlas is fraoch
An sneachta a bheith ag titim anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach dhíom
Mé bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níor bhfada liom an oíche’.

Ó gearraí’ amach mo chónra dhom ó thogha na péine is fearr,
Is má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sí déanta óna dhá láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín gheal inti, is iad go ró dheas ar mo cheann,
Tá triúr ban óg ó shliabh agam le mé chaoineadh os cionn cláir.

Is ag dul siar le Inse Ghainimh dhom, bíodh an bhratach ina crann
Ná cuirí’ i Leitir Caladh mé, mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaí’ siar go Muínis mé san áit a gcaoinfear mé os ard,
Beidh soilsí ar na dumhchanaí ‘s ní bheidh uaigneas orm ann.