An Sagairtín – Amhráin is Ansa Liom

An Sagairtín

‘S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige ‘gus séala ó Chríost,
Is tá sé’ triall chun a choláistí.

Tá an oíche seo dorcha is tá sí fuar,
‘Gus tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua;
Mo stór a d’imigh ‘s nach bhfuil le fáil,
‘S a bhéas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

Ó níl mé tinn agus níl mé slán,
‘Séard a dúirt mo mhuintir go bhfaighinnse bás
A Dhia ‘s a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.

Ó éist, a chailín deas is ná sil deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.