An Sceilpín Draighneach – Sean Nós na mBan 2019

Téamaí

An Sceilpín Draighneach

Maidin chiúin dhár éiríos
Amach faoi bharraí coillte,
Cinnte caitheadh saighead liom
Is mo leigheas ní raibh le fáil,
Nuair a dhearc mé an bhruinneall mheidhreach
Faoi bhun na sceilpe draighnaigh
Gheit mo chroí le meidhir
Ach dheoin ar éirigh liom í a fháil.

Tráthnóna ag tíocht ón gceol dhom
Sé dhearc mé arís mo stóirín
Bhí a clóca fá na huachtar a chlúdódh muid araon
Bhí a gruaig ar dhath an óirbhuí,
Chuireadh slacht ar mhná Chríoch Fódhla
‘S mara bhfaighe mé í le pósadh sé mo lóistín seal i gcill.

Sé an truaigh gan mé i mo smóilín,
’S deas mar a leanfainn-se thríd an gceo thú,
Mar is tusa bláth na hóige
A thógfadh suas mo chroí,
Bheinn ag seinm cheoil dhuit
Ó mhaidin go tráthnóna,
Is gur tré cheiliúr binn do ghlórtha thú
Ná mór ghean a thabhairt do mhnaoi.

‘Gus a stóirín tabhair do láimh dhom,
I ngan fhios go do mháithrín
‘Gus tairg dhom an áit is mór a luíonn ort an phian
Tá do chúilín traillseach fáinneach
Is go bhfuil do ghrua mar an rós sa ngáirdín
Is más fíor atá tú a rá liom
Cuir do láimhín tharam aniar.

Ba bhinne liom í an uair úd
Mar bhí siad fós dhá lua liom
Ná ceiliúr binn na cuaiche
‘S ná ceolta binn na n-éan
Sin agus ceol cláirsí
‘S ná an drúcht ar thailte bána
‘S ná na faoileáin gheala bhána
Is iad ag snámh ar Locha Léin.

Óir is buachaill mé atá aonraic,
Is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim,
Siúlfad gleannta sléibhte go bhfaighe mé stór mo chroí
Ó Chorcaigh go Binn Éadair,
Is go Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin,
Ó dhroichead Bhaile an Léime go baile Ros a’ Mhíl

Tuige a stór nach scríobhann
Tú agamsa in aghaidh na míosa
Cén cuan nó caladh tíre
A stríocann tú do sheol
Tá mo mhuintir ar gach taobh dhíom
Is ní fhéadaim comhrá a dhéanamh
Is go gcuirtear cuntas géar orm
Dhá d’téim amach san oíche.