Dónall Óg – Sean Nós na mBan 2016

Téamaí

Dónall Óg

Dhá mbeinnse thiar aniar ní thiocfainn
Ar an gcnoc is airde is air a sheasfainn
Sí an chraobh chumhra is túisce a bhainfinn
‘Gus sé mo ghrá fhéin is túisce a leanfainn.

Gabhfaidh mo ghrá-sa an ród seo amárach
Beidh cnaipí airgid ar rostaí a lámha
Is measa leis mise ná a dtiocfadh is dá dtáinig
Is ba chomaoin leis sin ó bheinn leis amhlaidh.

Is a Dhónaill Óig, a phlúr na ngaiscíoch
Na gruaige donna is an cúilín dhaite
A liachtaí lúibín i do chúilín casta
Ná grá mná óige i do chroí i dtaisce.

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach an grá buan daingean nár b’fhéidir é a scaoileadh.

Siúd é an Domhnach i dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
‘Gus tú ar do ghlúine ag léamh na Páise,
‘Sea bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Gheall tú dhomsa ní ba deacair dhuit
Loingis óir faoi chrann seoil airgid
Dhá bhaile dhéag de bhailtí margadh
‘Gus cúirt bhreá aol-dath ar thaobh na farraige

Ach gheall tú dhomsa ‘gus rinne tú bréag liom
Go mbeithfeá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá ghlao béice
Ach ní bhfuair mé romham ach na h-uain ag méileach.

Is a Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé fhéin leat is ná déan dearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh ‘s margadh
‘Gus iníon Rí Gréige mar chéile leapan leat.

Tá mo chroí-se brúite briste
Mar a bheadh leac oighre ar uachtar uisce
Nó criotal cnó taréis a bhriste
Nó maighdean óg taréis a titim.

Bhain tú thoir is bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú an ghealach is bhain tú an ghrian dhíom,
Bhain tú an croí geal a bhí i lár mo chléibh dhíom
Ach is rí-mhór m’fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.

Caithfidh mise an baile seo a fhágáil
Is géar an chloch is buartha an lá dom
Is buartha fuar is gan éadáil
Is guth chomh trom ó lucht an bhiadáin.