Bríd Thomáis Mhurchadha – Sean Nós na mBan 2013

Amhránaí

Téamaí

Bríd Thomáis Mhurchadha- Sean Nós na mBan 2013

Is a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean dhuit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Mar shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil
‘S go dtug mise gean dhuit seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha óra molaimse an barr leat fhéin
Ar ghile ar fhinne ar dheise is áille méin
Do chúilín deas triopallach is é fite ina thrisleán óir
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.

‘Gus rachadh go Gaillimh nó go gceannóidh mé gairdín úll,
Is a loingis ar fharraige le bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach ‘gus leide bheag a fháil faoin gcóir,
Is dheamhan a gcónóinn faoi bhealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

‘S má bhí mise folamh, dar m’fhocal gur mhór a scéal,
‘Gus a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Ach dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta as chaon cheard den spéir,
Ach tusa bheith i m’aice, dheamhain an aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a Aonmhac Muire a chuir an cuileann thríd an bhféar a’ fás,
Is nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint lúth na ngéag le grá.
Má tá sé inár gcinniúint is nach bhfuil muid dá chéile in ann.
Bíodh tusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.