Máire Ní Eidhin – Corn Uí Riada 2009

Amhránaí

Téamaí

Máire Ní Eidhin

Ag dul an Aifrinn dhom le toil na ngrásta
Bhí an lá ag báisteach ‘gus d’ardaigh gaoth.
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi.
Labhair mé léi go múinte mánla
Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí.
Séard a dúirt sí “Raiftearaí, tá m’intinn sásta
Is gluais go lá liom go Baile Uí Laoi”.

Nuair a fuair mé an tairiscint, níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire ‘gus gheit mo chroí
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí.
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
Is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí.
Séard a dúirt sí “Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte,
Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Laoi”.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag breathnú síos uait ar Bhaile Uí Laoi
Siúl na ngleannta ag baint cnó ‘gus sméara
Is ceiliúradh éan ann mar na ceolta sí.
Níl brí sa méid sin dá bhfaighfeá léargas
Ar bhláth na gcraobh atá lena thaobh
Níl maith dhá shéanadh níos fuide ar éinne
‘S tú spéir na gréine, agus grá mo chroí.

Dá siúlfeá Sasana ‘s an Fhrainc fré chéile
An Spáinn, an Ghréig ‘s ar ais arís
Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhe
Ní fheicfeá féirín ar bith mar í
Dá mbeinnse pósta le bláth na hóige
Trí Loch an Tóraic sea leanfainn í
Cuantaí, cóstaí go siúlfainn a’s bóithre
Ar thóir an tseoidbhean ‘tá i mBaile Uí Laí.

‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin ‘gus is áille gnaoi
Míle cléireach á gcur in éineacht
Is trian a tréithre ní fhéadfadh scríobh.
Buail sí Déirdre le breáthacht is Véineas
Is dá n-abrainn Hélen le’r scriosadh an Traoi
Scoth ban Éireann as ucht an méid sin
A dtug mé an chraobh dhi i mBaile Uí Laoi.

A réalt an tsóláis a ghrian bhreá an Fhómhair
A chúilín ómra a mheall mo chroí
Dá dtiocfá liomsa i gcomhair an Domhnaigh
Go ndéanfaimid comhartha cá mbeidh ár dtigh
Níor mhór dhom ceol dhuit gach aon tráthnóna
Puins ar bord nó dhá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire go dtriomaigh an bóthar
‘Gus go bhfaigh mé an t-eolas ar ais arís.