An Bhinsín Luachra – Corn Uí Riada 2025
Amhránaí
Téamaí
An Bhínsín Luachra
Go moch is mé go huaigneach, ar bruach coille glaise lá
Mo choin agam ‘s mé ag gluaiseacht go h-uasal ‘s gunna im’ láimh,
Cé chífinn chugam ach stuaire an chúil dualgaig s’ an muiníl bháin
‘S ábhar binsín ar a boim aici den luachar ba ghlaise fás.
Do bheannaíos don gcúilfhionn ‘s d’fhiafraíos dhi cá raibh a gnó
Nó an dtabharfadh sí dom póigín a leigheasfadh dhá dtrian dem bhrón,
‘Sé dúirt sí ‘Ná dein díth dhíom ó ráingaíos-sa chomh moch at’ threo
‘S ná loit mo bhínsín luachra tar éis a bhfuaireas-sa dhá thrioblóid.
‘S a chailín bhig na luachra do thugas gean dod’ leacain bhán
Agus tá mo chroí istigh buartha, ó suigh anso ‘s tabhair dhom do lámh,
‘Sé dúirt sí ‘Liog dod ‘ráite, tá an luachar seo ró-ghlas go foil
Is ar theacht mí na Bealtaine beidh binse againn den luachair nóig.
Is nach buacach blasta bláthmhar a d’fhasaid siad ar bruach na h-abhann
‘S gan de bheann acu ar bháistigh sa gheimhreadh nó ar shneachta throm,
Nílid níos breátha níos áille ar fud an domhain
‘S a dúirt sí ‘Fan go lá againn, tá a lán acu nár ghearras lom.
Is nach bríomhar tapaidh láidir do ghearrfainnse beart le fonn
Mar a mbíonn broic sa loich ag snámh ann ‘s ag pléireacht ar fud na h-abhann,
Bíonn an lon ‘s an chuach ‘s an smólach go cóir ann ó chrann go crann
Is do shuíomar síos go grámhar ar an mbínsín agus d’fhanas ann.
Is cailín deas a b’fhearr liom ar lámh liom dá bhfaca riamh
‘S dá bpósfainn cailleach gránna mo léirscrios ní mhairfinn bliain,
‘S dá raghfá liom thar sáile go dtí áit úd a bhfuil mo thriall
‘Sea do dhéanfainn binsín breá duit chomh hálainn ‘s a d’fhás siad riamh.
Is cailín maith chun cócaireacht mé ‘s do róstfainn an banbh bán
Níos fearr ná chrúfainn bó duit, ‘s is ró-mhaith do dhéanfainn arán,
Do chuirfinn steaimpí coróinneach go ró-dhocht fé éadaibh clár
Is ní deise ná scuabfainn seomrín tráthnóna is mo bhruis im’lámh.
Is ainnis tá mo theaghlach gan adhmad air ná scraith ná scáth
‘S níl drúcht na tine adhaint ann ‘s níl oigheanta le crochaibh lámh,
Níl cú, níl cat ná gadhar ann, níl aon ghreim de aon rud le fáil
‘S carb áil dom i bhfeighil siúd ó dheighil uaim mo chailín bán.