Aonach Chill Díseart – Corn Uí Riada 2025

Amhránaí

Téamaí

Aonach Chill Díseart

Maidin bhog aoibhinn ‘s mé ar Shráid Chille Dísirt
Lem’ scata breá caorach is cúpla ba
Chun bheist agus bríste a cheannach don bhfear críonna
Tobac don mhnaoi aosta ‘gus buataisí nodha
Do dhíolas mo thréada ar fad lena chéile
Na seafaidí maola chuaigh naoi bpunt is coróin
Bhí an bhrídeach ‘s í a’ gáirí is a’ sodar lem’ shálaibh
‘S níor fhág sí mo láthair go ndeachamar ag ól.

Thugas in airde í go seoimrín álainn
I gcúinne den aonach is ghlaoigh sí ar bheoir
Áit ‘na raibh aoibhneas, lionn ag gabháil timpeall
Amhráintí bhréa meidhreacha, rince ‘gus ceol.
Ó d’ólasa sláinte na mná do bhí i láthair
Is an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós
‘Sí Peigí chiúin bhéasach ó Shráid Lios Uí Chéasaí
Is do snámhfainn an tSionainn fé dhéin dul ‘na treo.

Is sí siúd an ainnir a chláródh an bhréid dom
Ar Shráid Lios Uí Chéasaí, gan mhairg, ná stró.
Bean ime, bean bainne, bean mhín ‘gus ghairbh
Bean stoca ‘gus léine, bean crúite na mbó
Ó d’ólas-sa sláinte na mná do bhí i láthair
Is an bhascailín álainn dá bhfaca riamh fós
D’ólas mo chóta, mo bheist is mo léine,
Is do thánas abhaile gan stoca ná bróg

‘S nuair a thagaimse abhaile chun Peigí san oíche
Bíonn tine bhreá fhadaithe ansiúd ós mo chomhair.
Bíonn an citeal chomh meidhreach le cláirseach, nó faidhfe
Is gealann mo chroí nuair a chloisim an glór.
Nuair a éirím ar maidin is gléasaim mo chapall
Mo chéachta chun treafa is mé ag leathadh na bhfód
Níl Peigí gan cúram, na ba chun a gcrúite,
An chuigeann, ‘s an túirne, ‘s an leanbh ag ól.

Ach anois ó táim cortha is cloig ar mo shála
Beidh ciall agam feasta agus cloífead lem’ ghnó,
Beidh feirc ar mo hata ‘gus lán channaí d’óir agam,
Déanfaidh mé branar a réabadh ‘s a rómhar.
Beidh cruacha ‘gus stáca san áit ná raibh náda
Beidh talamh chun saothair is machaí breá bó,
Beidh Peigí ‘s a spré ‘gam is cuma ‘dén mhéid é;
Má síntear le buille ná bheidh aimsir mhaith fós.