Brídín Bhéasaigh – Sean Nós na mBan 2022

Amhránaí

Téamaí

Brídín Bhéasaigh

Phósfainn Brídín Bhéasaigh
Gan stóca , bróig ná léine,
‘S a stór mo chroí, dhá bhféadfainn ,
Go dtroiscfinn leat naoi dtráth,
Gan bia gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé ‘gus tú bheith in éindí,
Le go réiteodh muid ár gcás.

Do ghrua ar dhath na gcaorthann,
A chuaichín bharr an tsléibhe,
Do ghealladh ná déan bréag liom
Ach éirigh roimh an lá,
‘S in ainneoin dlí na cléire
Go dtógfainn thú mar chéile,
Is a Dhia nár dheas an scéala sin,
Duine ag éalú lena ghrá.

Ó gheit mo chroí le buaireamh
‘S a scanraigh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd ar chuala mé
Nach raibh tú romham le fáil,
‘S a liachtaí lá faoi shuairceas
Chaith mé ‘gus tú ar uaigneas,
Gan na neach ar bith ár gcumhdach
Ach an crúiscín ‘s é ar an gclár.

Dhá bhfaighinn amach do thuairisc,
Dhá dtéitheá go bun Cruaiche,
Ó thiocfaidh an scéal an-chrua orm
Nó leanfainn de mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom  sínte suas leat
Gan fúinn ach tuí ‘s luachair
Ná bheith ag éisteacht leis na cuacha
A bhíonn ar siúl gach maidin bhreá.

Sé ábhar m’osna ‘s m’éagaoin
Gach maidin mhúch á n-éirím,
A chúl na lúb ‘s na bpéarlaí
Nach tú bhí dhomsa i ndán,
‘S nach iarrfainn leat mar fhéirín
Ach mé agus tú a bheith in éindí,
In áit eicínt inár n-aonar
Le go leagfainn ort mo lámh.

Sheinnfinn ceol ar théada
Go binn le barr mo mhéara,
Thréigfinn mná na hÉireann ort
Is leanfainn thú sa snámh
‘S dhá mbeinn mo rí na Gréige
Nó ‘mo phrionsa ar na céadta,
Go dtabharfainn suas an méid sin
Do phéarla an bhrollaigh bháin.

A scéimh, a croí, ‘s a breátha
Ní scríobhfadh Virgil ráithe
A dhá chích gheala bhána
Mar an eala a bheadh ar toinn
A malaí caola tarraingte
‘S a súil chomh cruinn le háirní
A bhíonns  i gcónaí tá’s agat
Ag fás ar bharr na dtoim

Ba mhilse blas a póige
‘Ná mil na mbeach ‘s é reoite
Is nár  dheas a seasamh i mbróigín
‘S a cúilín fáinneach fionn
Is dá mbeinn-se ‘s bláth na hóige
I mBalla nó i mBoth Chomhla
Ní fhágainn go deireadh an Fhómhair é
Ach a’ spóirt is ag déanamh grinn.