Baile an Róba – Corn Uí Riada 2018

Amhránaí

Baile an Róba

I mBaile an Róba a bhí mo chónaí
‘S táim faoi dhólás anois le mí
Ag cuimhniú i gcónaí ar bhláth na hóige,
A grua mar rósa is a béilín binn.

Bím gach Domhnach ag seinm cheoil di
Súil is go seolfaidh Dia mo bhealach í
Ach arís tráthnóna, bím go brónach
Ag cuimhníú ar chomhrá mo chailín finn.

Bean is fiche bhí seal i ngrá liom
Ach i lár na sráide níor chuir mé suim
Nó go dtáinig an ainnir ‘bhí múinte mánla
‘S gur thríd an bhfáinne go gcuirfeá í.

Bhí culaith gheal uirthi den tsíoda ab’ áille
‘S bhí an mhil dhá fáisceadh as gruaig a cinn
‘S gurb í mo ghrá-sa an mhaighdean mhánla
A d’fhág mé cráite le mo shaol.

Sheas an ainnir seal beag taobh liom
Mar bhí sí caoithiúil ‘s ba deas a méin
Ba ró-dheas a pearsa ‘s a seasamh díreach,
A com go caol deas is mheall sí mé.

Sí ba deise is ba cHiúine gáirí,
Dhá bhfaca súil aon fhear go fóill
Is a chúr na toinne is a bhláth na n-úlla
Má dheineann mé dhiúltú ní bheidh mé beo.

Chuaigh mé ‘un seanchais le fear den chomharsa
Cérbh í an óigbhean bhí romham sa tslí
Séard dúirt sé liomsa gur cailín cóir í
‘S bean ní b’áille nach raibh sa tír.

Tá brainse mhór inti d’fhuil na bhFianna
‘S den mhianach mór dhá bhfuil sa tír
Sé a h-ainm baiste Máirín Seoighe
Is tá feara Fódhla ar fad ‘na diaidh.