Caisleán Uí Néill – Corn Uí Riada 2019

Amhránaí

Téamaí

Caisleán Uí Néill

Céad slán don oíche aréir, sé mo léan gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil a bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Ó chuir tú orm t-éileamh, a mhíle céad grá ní leatsa mo rún
Is céad faraor ghéar, tá na sléibhte goil idir mé is tú.

Tá an gairdín seo ina fhásach, a mhíle grá bán, is tá mise liom fhéin
Tá na pósaetha ag fás ann is breáichte dá bhfaca tú riamh
Ní chluinfeá ceol cláirsí goil an tsráid seo ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim, craobh álainn, go Caisleán Uí Néill.

Is i gCaisleán Uí Néill tá an péarla a bhain dhíomsa mo chliú
Is gurbh é binneas a béilín chuireadh éanlaith na coille chun suain
Sé an tsamhail a bhéarfainn dhá mhéin is do leagan a shúl
Fíoruisce an tsléibhe is é ag éalú ar maidin sa drúcht.

Is ba mhilse liom do phóigín ná an rós a thagann ar bhláth
‘S le cumha i ndiaidh mo stóirín ní mó ná go gcodhlaím go sámh
Is ar teallach tígh Mhóir sea chónaíonn is a chodlaíonn mo ghrá
‘S a shamhail níl le fáil a’m ach an réalt eolais atá ar an mbaile úd thall.

Is a chumainn ‘s a sheainsín i dtús an tsamhraidh nach dtiocfá ar cuairt
Anuas thrí na gleannta san áit a ngoireann an chuach
Ba, caoirigh nó gamhna ní iarrfainn leat iad mar spré
Ach mo láimh faoi do cheann a’am is cead comhrá go huair a dó dhéag.

Is gheall tú a ghrá dhomsa go mbréagfá mo leanbh ar do ghlúin
Is gheall tú arís dhom go mbeadh aon tíos idir mé is tú
Ó gheall tú ‘gus mheall tú nó go ndearna mé leatsa mo scéal
Ach mo ghrá a mhíle grá ghil ní scaoilfead as croí lár mo chléibh.

Is bhí mé faoi mhilleán mhór ag mo stóirín tús fada don tsaol
Is shíl mé go deo deo nach mbaineadh sé an cathú seo dhíom
‘S bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúine sula n-éireoinn i mo shuí
Gurbh é bhain dhíom mo óige, an pósadh ‘gus dhubh sé mo chroí.