Casadh an tSúgáin – Sean Nós na mBan 2014
Amhránaí
‘Sé sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus caint
Ach luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Nó go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh ‘gus ó dheas
Ach go deo deo is liomsa póg ó mo mhian.
‘S thíos i Sligeach sea chuir mé eolas ar na mná,
Is thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Ach de bhrí mo mhaide mura ligfidh siad dhomsa thar mar atá,
Go ndéanfaidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.
‘Gus cén cat mara a chas an bealach seo mé fhéin?
’S a liachtaí cailín deas ins an mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid, is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé,
Ó sean bhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas mar a shúilfí í le mná
Mar níl siad leath chomh dona is a bhíonn siad a rá
Is nach iomaí buachaill cliste a d’ól leo a sháith
Ach gur imríodar an cluiche orthu ag bogadh an tsúisín geal bán.
Is b’ait liomsa bean a d’fhanfadh bliain lena grá
Is b’ait liomsa bean a d’fhanfadh bliain eile mar atá
Ach níor mhaith liom an bhean a bheadh liomsa ‘s leatsa arís ar ball
‘Sí mo ghrása an bhean a d’fhanfadh ar aon staid amháin.
‘S rinne mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an darna cleas ins an teach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith bheith ag fadú le mo scéal.
Chuir an tseanbhean amach mé a casadh an tsúgáinín féir.