An Caisideach Bán – Corn Uí Riada 2025
Amhránaí
Téamaí
An Caisideach Bán
Thug mé an ruaig úd ó mhullach na Cruaiche
Is thart anuas chun an tSléibhe Bháin
Cur tuairisc mo chailín a d’fhág m’intinn buartha
‘Gus a rinne a guala dubh de mo chroí ina lár;
Is nár at mo ghuaillní go dtí mo chluasa
‘Gus fuair mé fógra glan géar ón a mbás
Ionadh duine dá gcuala mo scéala an uair sin
Nár dhúirt go mba thrua an a Caisideach Bán
‘S ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Is seo í péire an bhrollaigh bháin.
Nach trua nach a liom í gan bó ná punt léi
Is í gan a chuntar agam ar láimh.
Mar a dhéanfainn teach mór dhi ar híomha na bhóthair
‘Gus chuirfinn cóistí órga faoina clainn.
‘Gus a chailín óg deas, dhá mblífheá an bó dhom,
Go cheangal fómhair ní chuirfinn suim.
Is nach aisteach an réasún a chuir tú céill dhom
Nach bhfásfann an féar thríd an talamh aníos,
‘S nach dtabharann an ghealach ó a solas do Éirinn
‘S nach lasfann na réalta ach i dtús na hoích’?
‘S níl brí ná spreagadh i dteas na gréine;
‘S go snámhfaidh an t-iasc ar an muir gan braon
‘S go n-éireodh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
‘S go deo ní thréigfidh mé stór mo chroí.
Is bhí mé seall ag foghlaim Béarla
Is é a dúirt an chléir liom go mba mhaith mo chaint,
Is a seall beag eile ‘s gan unsa céille
Ach ar nós an t-éinín faoi bharr na gcrann;
Amuigh sna oíche ‘s gan foscadh gan ná dídean
Is sna sneachta dhá shíorchur in iochtar gleann;
‘Gus a chailín óg deas ar chaill mé mo stuaim leat
Nár fhágha tú na grásta mura n-éalófá liom
‘S a bhí mé ag coláiste go dtí am mo bhearrtha
‘S a bhí mé ag an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus comhairle ón Eaglais
Ach faraor chráite nár bhris mé thríd
Mar ba rí-mhór m’fhaitíos ar Rí na nGrásta
‘S gan é i ndán dhom go dtiocfad saor
Mar is mó mo pheacaí ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a dtug mé do iníon maoir.
‘S siúd í tharam í an eala bhán deas,
Is í chomh gléasta le bean ar bith
Nach truaigh gur gineadh í faoi broinn a máthair
Mar is le haghaidh mo bhás-sa a ceapadh í.
Níl tomín cíbe ná tulán timpeall
Ins na gleanntáin uaigneach ina mbíonn mo ghrá
Bíonn ceol dhá sheinm ann de ló agus de oíche
Is go bhfóire Críost ar an Casaideach Bán
Aisling bhréagach gur facthas aréir dhom
Go raibh mé i m’aonar aici i leaba chlúmhach
Nó go dtáinig an spéirbhean ‘gus gur shín sí taobh liom
Is ba dheas a féachaint is a leagan súl
‘S bhí cúm mín cailce aici mar an choinneal ag léimnigh
Is a folt go féar léi is ag fás go dlúth
Bhí an bráid ba gile aici ná an sneachta ar thaobh cnoic.
Is í a bhásaigh mé is na céadta liom.