An tIolrach Mór – Corn Uí Riada 2025

Téamaí

An tIolrach Mór

‘S nár éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
‘Gus chuir mé mo chuid bhróga orm is mé ag dhul go Tír an Fhia,
Ins an ngleann a raibh an fear marbh ann casadh an tIolrach Mór liom
Is nár gheall le dúchán móna é is é go gróigthe ina shuí.

‘S nár dtug mé sraoill is amhas air, mac amadáin is óinsí,
Cineál sclabhais dúchais agus mór Chathail Bhuí,
‘Óra sin agus mo mhallacht duit, is gan rath a bheith aríst go deo ort,
Mar is tú thug an coileach óg uaim ba ghleoite a ligfeadh glaoch.’

Muise stop do bhéal ar ais agus ná maslaigh mé chomh mór sin
Dar mo mhionna ‘s dar mo mhóide ní mise a d’ith an t-éan
Mar níor mhór liom a mbeadh de bhrabach ort i dteach na holann dóite
Mar is fear thú a bhíodh go fiúntach i gcónaí i dteach an óil

Muise téigh ar ais abhaile agus fiafraigh dho Nora
Sin é an t-ainm a bhí ar an ógbhean  a scóladh a cinn
Is a’ clumhach a bhí ar a easnachaí san teallach a fuair mé dóite é
‘Gus d’ith siad i gcomhar é s ní mórán a bhí buíoch

Muise stop do bhéal a’ sclabhaire níor ith muid i gcomhar é
Ná rud ar bith dhon tsort sin gan na comharsanna a bheith buíoch
Ach is tú fhéin a chroch leat é faoi do dhá sciathán mhóra
Is ní chaithfear ráithe an fhómhair nó go gcuirfidh mé ort dlí

‘S nach bhfuil cuid dhe leabhar an tseanchais le n-inseacht agamsa fós dhuit
Is nuair a chluinfeas tú na glórtha  beidh na deorachaí leat síos
Mar a gheobhaigh tú amach sa seanchas gur mac leis an Dearg Mór mé
Is más troid atá tú a’ thóraíocht seas romham is ní bhéifear buíoch

Is nár ghléas sé a chulaith ghaisce fhéin in arm is in éadach
Is a chlaíomh ba ghéire dá mb’fhéidir leis a fháil
Ó bhí mise ‘gus mo speal  is dheamhan folach ach mo léine
Nó gur throid muid a chéile go raibh sé deireanach ins an lá

‘S nár gheall le tinte thoirní a bhí na hairm ‘baint ó chéile
‘Gus ag goil faoi don ghréin ‘séard ab éigean dhomsa a rá
Gur i ngeall le péire tairbh sinn a’ fúirseadh i ngleann a’ tsléibhe
Agus dúshlán fear ó Éirinn fáil amach cé againn ab fhearr

Ach a’ darna dorn a tharraing mise bhuail mé ar chnámh a ghéill é
Óra shín mé é gan bréag chuir mé meabhrán ina cheann
Is éard a dúirt sé liom ná maraigh mé is molfaidh mé go haer thú
Mar cosnóidh tú clú Éireann gan mbuíochas ar ball