Amhrán Fhoirnise – Sean Nós na bhFear 2025

Téamaí

Amhrán Fhoirnise

‘Gus scríobhfaidh mé litir go Foirnis amáireach
>Ó ceannóidh mé páipéar is stampa dhá phingin,
Ar a thuairisc mo chailín a d’imigh thar sáille
Ní bheidh mé san áit nó go dtaga sí aríst.

Ó d’éirigh mé ar maidin chomh moch is a bhí an lá ann,
Fuair mé an curach ó Sheán agus thug mé m’aghaidh siar;
Ní raibh sé ach a leathuair ó d’fhág mé an Aill Bhán,
Go raibh mé i gcaladh Dan Mháirtín agus téad a’m i dtír.

Bhí crogaí maith dair a’m agus togha maidí rámha,
Ní fheicfá bád geallta ba gléasta ná í;
Níor thóg sé ach a leathuair ó d’fhág mé an Aill Bhán,
Go raibh mé i gcaladh Dan Mháirtín is téad a’m i dtír.

Ó chaith mise ann seachtain sular bhfuair mise freagra
A céad míle fáilte theacht rogham chun an tí
A scéal óna hathair go raibh sí le fáil agam,
‘Sé an spré a bhí i ndán dí ná bó agus lao.

Bhí Tom Kelly é fhéin ann agus buidéal chaon lámh leis
“Ó tar liom anall nó go n-ólfaidh tú braon,
Nó go gcuirfidh sé an slaghdáin amach as do chnámha;
Bí ag ól go ceann ráithe is ní chaillfidh tú pingin.”

Ach chonaic mé Maitias ina sheasamh ar an aill romham,
Ó thosaigh sé a’ gáire ‘gus chrom sé a cheann faoi,
“An té a bhreathnódh i gceart ort, nach ríbheag le rá thú
Mar tá tú chomh láidir le athair an lao.”

‘Sé an t-oileán is folláin’ ó Mheiriceá anall é,
Níl fear, bean ná páiste ná seanduine ann tinn,
Níl sioc ann ‘s níl sneachta ann, is ní aithneoidís an bháisteach,
Ach grian chuile lá ‘gus é ‘scalladh os a gcionn.

Ó, chaith mé ann seachtain sular fhéad mé é a fhágáil
Ó oíche go maidin bhíodh ceol againn agus spraoi,
As seo go ceann seachtaine, ceannóidh mé an fáinne
Is beidh mo stóirín le fáil agam ó bhuíochas an tsaol.