Tomás Bán Mac Aogáin – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Téamaí
Tomás Bán Mac Aogáin
‘S aréir ag tíocht i gconn tórramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí
Mo chreach agus mo chrá, ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá an arraing goil trasna thríom ’s í cónaí i lár mo chroí,
‘Gus a stór, mar a dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.
Tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ‘s mé in uaigneas seal liom fhéin.
Séard a dúirt sé, “ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín a caith tú a mharaigh mé, is mar gheall ort crochfar mé,
Is gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín atá im dhiaidh.”
‘S tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé a dhul ann
Beidh orainn seisiún ceathrúin idir Gaeil is Clainne Gall,
Ní chionfar ann ach beirt eicínt ‘s crochfar iad, mo léan,
Is beidh Tomás Bán Mac Aogáin ann ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.
‘S a Thomáis Bháin, go cinnte is tú rún is searc mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga an tsaoil
Crochfar thú go cinnte mar a bhfuil ag grásta Dé,
‘Gus a Chriost, nach a mór an feall é an planda breá mar é.
‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú bheith goil i gcill,
Cén t-iontas go do mháithrín bhocht bheith go brónach i do dhiaidh,
Mar dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici cén chás dhi thú a bheith tinn,
Ach í go do crocha as na saltrachaí is a’ bháisteach le do dhroim.
Is a chomharsanaigh is a chomhairleoirí ná tógaidh orm é
Mar chuaigh mé ag múineadh an eolais ar an stóirín geal mo chleibh
Ní bhfuair mé ariamh droch chomhairle ó fós ó rugadh mé,
Ach dá b’fheicfinn ag goil an bóithrín é go dtógfadh sé mo chroí.
Ní slad mainistir ná teampall a rinne stór mo chroí,
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach mar gheall ar bhólach Stanley sea crochfar é mo léan,
‘S an té a bhfuil gean ar Chlainne Gall aige, an ceann go gcaille sé.
Is tá garda breá láidir ag teacht le stór mo chroí,
Gearaltaigh Chluain Dálaigh agus arm dearg an Rí
Beidh Major Óg Ó Conaill ann is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
‘S dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg againn, ní chrochfaí stór mo chroí.
‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú bheith goil i gcill,
‘S cén t-iontas go do mháithrín bhocht bheith brónach i do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici ní cás dhi thú a bheith tinn,
Ach thú crocha as na saltrachaí ‘gus a’ bháisteach le do dhroim.