An Caiptín Ó Máille – Sean Nós na bhFear 2023
Amhránaí
An Caiptín Ó Máille
‘S an chéad lá de mhí an Fhómhair sea chroch muid na seolta,
Ag a tarraingt ar na cóstaí le Tóin an Mhionnáin siar,
Agus thart anseo le Cliara agus Acaill Bheag taobh thiar di,
Go hlnis Torc ár dtriall, agus aoireacht chruinn againn ann;
Agus thart le Rinn an Mhaoile ‘gus síos le Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh ‘s Trá Bhríde ina dhiaidh,
Mar gur dhoirt muid le fána, leis an fharraige ‘gus í ag cáitheadh,
Go ndeachaigh muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.
A síneadh dhúinn le Árainn, is ea do mhéadaigh ar an ngála,
Is bhí cúrsa istigh ar thráth againn is ní mba tráth faillí é;
Mar gur ardaigh sé chun feochan , is as sin chun gaoithe móire,
Gur chrochamar na seolta, níor mhór dhúinn é in am;
‘S a bhí criú na loinge ar aon chor is iad agdearcadh ar chlár m’éadain,
Le súil cabhair a dhéanamh agus gan aon mhaith dóibh a bheith ann,
Mar gur dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a cuid éadaigh an fhad is ab fhéidir leí snámh.
Is an fharraige gur léim sí ‘gus las na tonnta tréana
A chruinnigh ar na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo
‘S dá mbeadh caint ag na clára, nach n-inseoidís scéal cráite
A ghoireacht is chuaigh an bás dúinn is gan eadrainn ach iad.
‘S tá mo dhá láimh stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil, is í tarraingthe amach on gcnáimh
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhom, cén mhaith atá dhá shéanadh
Ach a ghoil go flaithis Dé dhom in aon staid amháin.