An Casaideach Bán – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

An Casaideach Bán

Thug mé an ruaig údan ó mhullach na cruaiche
Is thart anuas chun an tSléibhe Bháin
Ar thuairisc mo chailín d’fhága m’intinn buartha
‘Gus rinne sí gual dubh go mo chroí mo lár
Ó d’at mo ghuaillí go dtí mo chluasa
Is fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is dheamhan duine dár gcuala mo scéalsa an uair sin
Nár dhúirt go mba trua bocht é an Casaideach Bán.

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Sí siúd meidhreoig álainn an bhrollaigh bháin
‘Sé an trua nach liomsa í gan bó ná punt léi
Is í bheith gan chuntas liom ar láimh
Mar dhéanfainn teach mór dhi ar shúil an bhóthair
Is chuirfinn cóistí faoina clann
Is a chúilín ómra, dhá mblífeá bó dhom
I do cheangal fómhair ní chuirfinn suim.

Nach aisteach an réasún a chuir tú i gcéill dhom,
Nach bhfásadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach dtabharfadh an ghealach solas d’Éirinn,
‘S nach lasadh na réalta ach i dtús na hoíche,
Nach bhfuil brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is dhá snámhfadh na héisc thar muir gan braon,
Is dhá n-ardódh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Go deo ní thréigfidh mé grá mo chroí.

Bhí mé seal ag foghlaim Béarla,
‘Gus dúirt an chléir liom go mba mhaith mo chaint,
An fhad údan eile gan unsa céille,
Ach mar na héiníní ar bharr na gcrann.
Amuigh san oíche gan foscadh ná dídean,
Is an sneachta dhá shíorchur in íochtar gleann,
Is a chúilín donn deas, ar chaill mé mo stuaim leat,
Nár fhágha tú na grásta mura n-éalaigh liom.

Bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
‘Gus ins an ardscoil ar feadh chúig bliain
Nó go bhfuair mé oideachas is léann ón eaglais
Ach faraor cráite bhris mé thríd
Is rí-mhór m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfainn saor
Mar is mó mo pheacaí ná leath Chruach Phádraig
I ngeall ar ghrá a dtug mé d’iníon maoir.

Siúd í tharam í an eala bhán dheas,
Is í chomh gléasta le bean ar bith
Sé an trua mar a gineadh í i mbroinn a máthar
Mar is le haghaidh mo bháis a rugadh í.
Níl tom cíbe ná tulán timpeall
Ins na gleanntáin aoibhinn mar a mbíonn mo ghrá
Nach bhfuil ceol dhá sheinm ann go ló is d’oíche
Is go bhfóire Críost ar an gCasaideach Bán.