Baile Uí Laoi – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Baile Uí Laoi

Ag gabháil ‘un an Aifrinn dom le toil an Ard Rí
Bhí an lá ag báisteach agus d’athraigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
‘S thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
‘S gur réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí
Séard dúirt sí: ‘Raiftearaí, beadh m’intinn sásta
Ach a gluais an lá liom go Baile Uí Laoi.’

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire ‘gus gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
Is níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine ‘gus cárt air
Is an cúilín fáinneach le m’ais ina suí
Séard dúirt sí: ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
Tá an siléar láidir a’ainn i mBaile Uí Laoi.’

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag breathnú síos uait ar Bhaile Uí Laoi
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó agus sméara
Is ceiliúr éan ann mar na ceolta sí.
Níl maith sa méid sin dhá bhfaighfeá léargas
Ar bhláth na gcraobh atá lena thaobh
Níl le maith dá shéanadh is ní cheilfead choíche
An pabhsaí gléigeal atá i mBaile Uí Laoi

‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is a deise méin is ‘s áille gnaoi
Dhá chéad cléireach is a ghoil in éineacht
Is a trian a tréartha ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte ‘gus Véineas
Dá n-deirfinn Héilean lér scriosadh an Traoi
Ach is scoth ban Éireann as ucht an méid sin
‘S í spéir na gréine, atá i mBaile Uí Laoi.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an Fhómhair,
A cháillín stuama, a mheall mo chroí
Dá dtiocfá liomsa i gcaitheamh an fhómhair
Ó dhéanfainn teach duit ar bheagán cíos
Cén mhaith bheith ag caint air ach ní dhéanfad tú fós é
Is sin é an pósadh nach ndéanfadh choíche?
Is a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
Is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.