Táilliúr a’Mhagadh – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Táilliúr a’Mhagadh

Is thíos ag an tobar ‘sea chuir mise an fáinne amú,
‘Sea a dhearc mise an ainnir ba deise is ba áille snua,
Bhí a grua uirthi a lasadh ‘s a leicne mar bhláth na n-úll,
‘S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.

Go mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras ‘s ligfinn thú féin isteach,
Chóireoinn do leaba ‘gus luífinn in éineacht leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

A tháilliúirín suarach cé phósfaidh thú fhéin mar fhear,
Do chuid loirgní dóite is tú ag imeacht ó theach go teach
Cur síos ar na comharsain ‘s an té úd nach dtaitneodh leat,
Mac Duach,  Mac Dara go ngreamaí do thóin don hob!

Is an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
‘S bíonn ceol binn na meachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Is mo stóirín faoi leath-trom ag fear eile le fáinne an lae.