Agallamh le Caisleán Ghlasdromainne – Corn Uí Riada 2016

Agallamh le Caisleán Ghlasdromainne

A aolchloch dhaite bhí i bhfad ag síol Néill gan smúit
Nó gur básadh in Eachroim gach aicme de na Gaeil, mo chumha
Le séideadh na mara thug Aeolus aréir do lúib
Mar gur réabadh fá thalamh do bhallaí na mbloghtha dubha.

Cha léir domh do fhreagra, cé go gcanann tú an Ghaeilge nua
A leigheastar mé feasta sé mheasaim go mbéad ar siúl
Le gach saorchlann bharrúil a bhíodh agam ag méadú cliú
Táid faoi léagar sa Chreagán, is cha b’feicim iad go héag ansúid.

A shaordhúin chaisil is deise ná na céadtaí cúirt
Nach féidir leat seasamh go dtreiseoidh na Gaeil id’lúib
Féidhlim, an gleacaí, do aicme Shíol Néill na Rún
A chuirfeadh Séarlus i mbratach ar neamhchead do lucht plé i gcúirt.

Nach deacair domh seasamh is gan foscadh ná díon im’ chúl
Agus fíor-scoith na coille á milleadh ‘s a géaga dlúth
Na héanlaith is binne ‘s a gceiliúr go léir fé smúid
Ag ceatharnaigh na matóg ag cascairt Dúnréime ar siúl.

A Ghrianáin an Fhíona, dtig friothamh na gréine do chúl
Ná dtréigfeá an túr gheal go n-aithrisfá scéala dúinn
Fa Éireamhon daite do aicme Mhilesius úir,
Ar shíolraigh an mhacnaidh d’fhág do bhallaí faoi léig mar siúd.