Sláinte Na Mná Gaelaí – Corn Uí Riada 2019

Sláinte na Mná Gaelaí

Ólfaidh mé sláinte an pháiste is daoire folt
A shileas go trácht ’na scáine péarlach tiubh
Ní fuireach is áil ach ar ball ‘na gcéadta lúb
Pilleadh san áit ór fhás gach aon acu.

Ólfaidh mé sláinte chláir a héadain díl
Thart timpeall atá mar dhath an laoige dhil
Siúd an soineann gan smál is dealramh gréine ansin
Cumadh ‘na phatrún áille is scéimhe dhúinn.

Ólfaidh mé sláinte a dá bhraoi chaola inniu
Gé fogas atá de ghnáth dá chéile ‘s gur
Siúd a samhail, nó táim-se lán dí-céille tur
Mar chleite ar a rása i láimh an chléirigh mhir.

Ólfaidh mé sláinte bhráighe is gléghil cruth
Mar shneachta ar an aird nach gnáth teas gréine theacht
Ní fada, ní gearr, ní cam, ‘s ní caol is ní tiubh
Ach suite gan táir is ní háille é inné ná inniu.

Ólfaidh mé sláinte a ban chíoch is caoile goib
Atá nite as a’ mbláth mar bheadh dhá ubh éin i nid
Nár milleadh le láimha cáich gá sméaracht siad
Is mise a bheadh slán an fad a bhéinn dá ngoid.

Ólfaidh mé sláinte óna bathais go dté a troigh,
Ciste na ndámh a bhfuil fáilte ‘gus féile innti.
Níl startha ná dán ón arc nach léir dí a mbrí
‘S is miste críoch Fáil a bás tráth éagfas sí.