Bóthar Chluain Meala – Sean Nós na bhFear 2013

Amhránaí

Ar mo ghabháil go B’leá Cliath dhom
Go dian-mhoch ar maidin
Do casadh cailín óg orm 
A raibh scáil a’ rósaí ‘na leacain,
Dh’fhiosraigh díom an óigbhean
“Cá gcónaíonn tú a mharcaigh?”
“Cónaím i dtigh lóistín
Ar bhóthar Chluain Meala”

“Is aithris scéal nua dhúinn
Ó’r tú is déanaí d’fhág an baile
An maireann do chéile
Nó an raibh sí ariamh 
“Tá sí go tinn tréith lag
Mo chiap, ar mo leaba,
Is dochtúirí ní bhfaighinnse
A leigheasódh a galar.”

“Éist, éist a óighfhir
Cá bhfios ná bhfuil marbh
Is go ngabhaimís le chéile
Go deo deo fad a mhairfeam”
“Gheobhaidh tú airgead id’ phócaí 
Is ór buí le scaipeadh,
Is mé féinig mar nuachair 
Ag cóiriú do leapain.”

Ní thiocfadsa, is tú a phósadh
Is mo rian stóir a sheachain
Is mo leanaí beaga óga
A bheith gan máthair, gan athair
Mar thá cúram orm iad a thógaint
Iad a ní is iad a ghlanadh
Agus grá ní thabharfainn d’ao’ bhean eile
Ach do mháthair mo leanbh.

“Do thugas grá mór duit
Ar do ghrua ‘s ar do leacain
‘S ar do chomhrá binn béasach 
Athá tar éis mo chroí a chaitheamh
Mara dtigir ‘s mé a phósadh 
Le comhairle na sagart
Úachtaím dom cháirdibh
Go bhfágfad tú marbh”

“ Mo shlán beo-sa siar chughat
A ghrian-bhruinneall álainn
Is a chailín chiúin chiallmhar
Ó bhruach na Siúire,
Go mbíodh na fir óga
A’ teacht iarradh le grá dhuit
Is go mb’fhiú thú mac Iarla
Dá thriall chugat thar sáile”

“Tá mo leanaí ag béice
Is ag síor-ghol ó éagas
Tá a gcuacha gan cíoradh
Ná suim ‘chur ‘na mbéile,
Tá siad ag rince
Le baois na dícéille
Agus mise a’ siúl coillte
‘S nach bhfaghinn dul dhá bhféachaint”.