Táilliúr a’ Mhagaidh – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Táilliúr a’Mhagaidh

Is thíos ag an tobar ‘sea chuir mise an fáinne amú,
Sea a dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua,
Bhí a grua trí lasadh ‘s a leicne mar bhláth na n-úll,
‘S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.

Is dhá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras is ligfinn thú fhéin isteach,
Is chóireoinn do leaba ‘gus luífinn-se in éineacht leat,
Is bhainfinn-se póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

Is a tháilliúir a’ mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talamhaí a dhéanfas go domhain mo theach,
A éireoidh ar maidin, is a chroithfeas an síol i gceart
Is nach suífidh cois doras ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc,

Is a tháilliúirín suarach cé phósfadh thú fhéin mar fhear,
Do chuid loirgní dóite ‘s tú ag imeacht ó teach go teach,
Cur síos ar do chomharsa ‘s an té úd nach dtaitneodh leat,
‘S Mac Duach, ‘s Mac Dara is go ngreamaí do thóin don hob!

Ins an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
Is bíonn ceol binn na meachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Is mo stóirín faoi leatrom ag fear eile le fáinne an lae.