Amhrán Mháirtín Mhóir – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Amhrán Mháirtín Mhóir

Ó, nach é bliain go ham seo sea a dearnadh an chreach mhór,
Ní hamháin i nGaillimh ach ar chuile thír,
Nuair a sciob an bás uainn an seanfhear álainn,
Sé Máirtín Mór a bhí againn sa tí

‘S nuair a chuaigh an scéal cráite ar fud na háite,
Bhí lag is a bhí láidir i ndólás faoi,
Mar bhí a gcaraid caillte acu a thógfadh an láimh dóibh,
Ní inniu ná amárach ach ar feadh bhur saoil.

’S nuair a tógadh amach é an lá arna mháireach,
As an bparlás álainn ’nar chaith sé a shaol,
‘S nár fhág sé a dheirfiúirín go buartha cráite,
Ní inniu ná amárach ach ar feadh a saoil.

‘S a bhí ardaifreann dhó na lá ina dhiaidh sin,
‘S a bhí an séipeál lán is a bhí sé curtha thar maoil,
Ó, bhí íseal is uasal as chuile cheard ann,
Ó fhear na bháinín a bhí in aos na brí

Bhí a chuid caiple móra sa stábla an lá sin,
‘S a bhí a gcloigne in airde is a bhí a gcluasa síos,
Is an osna a ligeadar ag dul thart do Mháirtín,
Dheamhan fear dá láidre nach bpléascfadh a chroí.

Bhí a chuid báid seolta ar ancaire an lá siúd,
Ón yawl pléisiúir go dtí an soitheach mór,
Is an bhratach a bhíodh acu i gcónaí in airde,
Ní raibh sí an lá sin ach i leath an chrainn.

‘S a bhí na healachaí bána ag snámh an lá siúd,
Aniar as Árainn is as Shruth na Maoil’,
Bhíodar ag marcháil aníos mar a bheadh saighdiúir garda,
Go bhfeicidís Máirtín ag na tornóig aoil.

Is ní raibh aon chrosbhóthar ná coirnéal sráide,
Nach raibh an lá údan is iad ag cur thar maoil,
Ó, bhí bean is páiste ag gol is ag gárthaíl,
Faoi bheith ag breathnú ar Mháirtín bocht is é ag dul i gcill.

‘S dá mbeadh an choir mhór déanta, is an bás a bheith i ndán duit,
Is i gan aon fhaill agat a dtiocfá tríd,
Go mbeadh an bolta tarraingthe is an snáithe dá fháisceadh ort,
‘S dá mbeadh focal Mháirtín agat, is nach raibh tú slán.

‘S a bhí croí mór flaithiúil ag a dhream i gcónaí,
‘S a bhíodh a bpócaí lán is iad go rímhaith faoi,
Ní bheadh aon fuacht ná faitíos roimh lag ná láidir,
Mar is leis an bhfábhar a briseadh an dlí.

Óra, níl mé cliste, cé nach baol agam i a cliseadh,
’S ní mórán oideachais atá i mo cheann,
Ach mholfainnse Máirtín thar fhearaibh Éireann,
Mar thug sé beatha dhúinn nuair a bhí muide gann.