An Seanduine Cam – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

An Seanduine Cam

Bhí aithne agamsa is eolas ar sheanfhear sách dóighiúil,
Sé an áit a raibh cónaí air, thíos ins an ngleann,
Bhí sean dheis mhór aige, eallach go leor aige,
Airgead ’s ór buí le cur faoina cheann.

Nár thóg sé suas comhairle bean óg a phósadh,
Go gcoinneodh sí a chúrsaí seacht n-uaire ní b’fhearr,
Ach ar maidin is tráthnóna bhí fearg is gruaim uirthi,
Faoi eochair an trunc mar ní raibh sí le fáil.

Is nach suarach an tslí domsa a shamhailt de mhnaoi,
Bheith ag caitheamh mo shaoil leat gan súgradh ná greann,
Nach mór é mo ghnaoi ort is nár fhága tú de shaol é,
Go bhfanfainnse taobh leat, a sheanduine cham.

Nach dtug mé go leor duit, airgead is ór buí,
Báid bheaga, báid mhóra, capall is carr,
Le nithe do dhóthain, is beatha mhaith i gcónaí,
Ó, togha leaba chlúmhaigh is cead codladh go sámh.

Is sin é is gach aon sórt a gcuirfeása spóirt ann,
Go fiú an parasól le tabhairt leatsa in do lámh,
Capall nó pónaí le cur fút i gcónaí,
Dul ag aifreann an Domhnaigh dá dtográ a dhul ann.

Dá dtabharfá an saol mór dom le n-ithe is le n-ól,
Saibhreas Rí Sheoirse is ná mhór é le rá
Loingis faoi sheolta ‘s cóistí ar bhóithrí,
‘S b’fhearr liom fear óg ná thú, a sheanduine cham.

Nuair nach nglacfaidh tú comhairle téirigh dhá thóraíocht,
Cuir ort do chóta is do chlóca ar do bhráid,
Bí ar na crosbhóithre ar theacht an tráthnóna,
Is beidh seans ar fhear óg agat má bhíonn tú i bhfad ann.

Nuair a thiocfas an oíche is ní bhfaighfidh tú aon dídean,
Ó, tosóidh tú ag caoineadh ’s gan aon mhaith duit ann,
Ach thabharfainnse an Bíobla anois le glanfhírinne,
Go mb’fhearr leatsa bheith arís ag do sheanspleantair cam.