An Gabha Ceartan – Corn Uí Riada 2015

An Gabha Ceartan

Agus chaith mé bliain is ráithe
I mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Is tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
Nó gur dtáinig mé ar m’ais aríst
Tá an saol seo ar fad cráite
Is ní áiríonn mé mo mhuintir fhéin
‘S ar an gcnoc úd thall atá m’áras,
‘S ar an bPápa ní cheilfead é.

‘S tuige nach dtagann tú a ghrá geal,
Is mé a fháil uaidh mo mhuintir fhéin?
‘S tuige nach dtagann tú lá éicint
‘S mé fháil uathu uilig go léir
‘S mura mbeadh siad sásta leis an gcás sin
Is é a fheiceáil réidh
Is déanaigí cónra chláir dhíom
‘S fágaigí mé go domhain faoin gcré.

Is soir atá mo tharraingt
Is is fada uaimse grá mo chroí
Sí is gile ná an chúilín phéacach,
Is i do dhiaidh-sa ní bheidh mé beo.
Mar tharraing tú milleán mór orm
Is a stóirín níor mhaith leat é,
Is naoi n-uaire b’fhearr liomsa a bheith pósta leat,
Go mór mór ná a bheith i bhFlaithis Dé.

Agus diomú ar Rí na hAoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Níl aon ghoir agamsa a ghoil ina gaobhar
Aon Dé hAoine ná go moch Dé Luain.
Is dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
Is an oíche is í a bheith ag cur sneachta aduaidh,
Is le mo ghrá-sa dhá bhfaighinn cead síneadh
Is bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.