An tIolrach Mór – Corn Uí Riada 2018

An tIolrach Mór

Agus d’éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
Agus chuir mé mo chuid bróga orm le goil go Tír an Fhia,
Ins a n ngleann a raibh an fear marbh ann sea casadh an tIolrach Mór liom
Nár ghearr le dúchán móna é is é go gróigthe ina shuí.

Nach dtug mé sraoill is amhas air, mac amadáin is óinsí,
Cineál sclabhais dúchais agus mór Chathail Bhuí,
‘Sin agus mo mhallacht duit, is gan rath a bheith aríst go deo ort,
Mar is tú thug an coileach óg uaim ba ghleoite a ligfeadh gl.’

‘Muise stop do bhéal ar ais agus ná maslaigh mé chomh mór sin,
Dar mo mhionna agus mo mhóide ní mise a d’ith an t-éan,
Mar níor mhór liomsa a mbeadh de bhrabach ort i dteach na holann dóite,
Mar is fear thú a bhíodh go fiúntach i gcónaí i dteach an óil.’

Ach téigh arís abhaile agus fiafraigh de Nóra,
Sin é an t-ainm a bhí ar an ógbhean a’ scóladh a cinn,
An clumhach a bhí ar a easnachaí, sa teallach a fuair mé dóite é,
Agus d’ith muid i gcomhar é agus ní raibh muid uilig buíoch.’

‘Muise thug tú éitheach a sclabhaire, níor ith muid i gcomhar é,
Ná rud ar bith den tsórt sin gan na comharsana a bheith buíoch,
Ach is tú fhéin a chroch leat é faoi do dhá sciathán mhóra,
‘Gus ní chaithfear ráithe an fhómhair go gcuirfidh mé ort dlí.’

‘Nach bhfuil cuid de leabhar an tseanchais le n-inseacht agamsa fós dhuit,
Is nuair a chluinfeas tú na glórtha, beidh na deora leatsa síos,
Agus gheobhaidh tú amach sa seanchas gur mac leis an Dearg Mór mé
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bhéir buíoch.’

Nár chuir sé a chulaith ghaisce air féin in arm is in éadach,
Agus an claíomh ba ghéire dá mb’fhéidir leis a fháil,
Bhí mise agus mo speal, dheamhan folach ach mo léine,
Nó gur throid muid a chéile go raibh sé deireanach ins an lá.