Sail Óg Rua – Sean Nós na BhFear 2022

Téamaí

Sail Óg Rua

Nach mise an trua Mhuire ag goil go Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braon bainne agam a bhéarfainn dhó.

Níl mé ach tréith lag, ‘s níl maith dhá shéanadh
Níl mé ar aon nós ach mar an gceo
Tá fuil mo chroí istigh dhá shilt ina braona
‘S a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo mhíle stór.

In Oileán Éadaigh atá mo ghrá agus mo chead searc
An bhean a lig mé léi mo rún ‘s mé óg,
‘S tá triúir ar aon chéill ag gol ina dhiaidhse
‘S bean mo bhréagtha mo léan faoin bhfód

In aois a sé déag is ea fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhág liom fhéin mé
Mar a chuaigh tú sa gcré is tú i do chailín óg.

Dhá bpósfainn an mallóid de chailleach ghrána
Thóigfeadh a lán orm a bheith ag gol ina diaidh
Ach an ógbhean bhán úd a dtug mé grá di
Is gan í ach ‘na páiste tráth a fuair mé í.

Dá mbeadh a fhios agamsa nach tú a bhí i ndán dom
Ní dheánfainn an dhá oiread comhrá leat
‘S go bhfuil mo chroí-sa chomh dúinte i ngrá leat
Is go dtógfar áirní de chroí na sceach.

Mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Do ghrua geal glégeala mar eala ar snámh
Nó chomhrá tréan le do leanbh a bhréagadh
Ach a ghrá níor fhéad mé thú a thabhairt ón mbás

Muise b’fhearr liom go mór mór i mo dhiadh sa ród í
Nó ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas ag Sheoirse is é fháil le stróinse
‘S gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí