An Casaideach Bán – Corn Uí Riada 2024

Téamaí

An Casaideach Bán

Thug mé an ruaig úd ó mhullach na Cruaiche
Agus chugat anuas chun an tSléibhe Bháin
‘S mé cur tuairisc mo chailín deas a d’fhág m’intinn buartha
Is rinne sí gual dubh de mo chroí in mo lár;
‘S d’at mo ghuaillní go snuich mo chluasa
‘S fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is níl duine dá gcuala mo scéalsa an uair sin
Nár dhúirt go mba thrua bocht é an Casaideach Bán

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Siúd i meidhreog an bhrollaigh bháin.
‘S é trua nach liomsa í gan bó nó punt léi
Is í a fháil ar chuntar liom ar láimh.
Is dhéanfainn teach mór di ar taobh an bhóthair
Is chuirfinn cóistí faoina clainn.
Is a chúilín ómra, dá mblíteá bó dhom,
I do cheangail fómhair, ní chuirfinn suim

Is nach aisteach an réasún a chuir tú i gcéill dhom
Nach bhfásann an féar thríd an talamh aníos,
Nach dtabharann an ghealach a solas d’Éirinn
Nach lasann na réalta ach i dtús na hoích’?
‘S níl brí ná spreagadh i dteas na gréine;
Is dhá snámhfadh na héisc ar an muir gan braon
Is dhá n-éireodh na tuilte chomh hard leis na spéartha
Go deo ní thréigfinne stór mo chroí.

Bhí mé seal ag foghlaim Béarla
‘S a deir an chléir liom go mba mhaith mo chaint,
Seal beag eile dhom gan unsa céille
Ach mar a bheadh éinín ar bharra crann;
Amuigh sna oíche gan foscadh ná dídean
Is an sneachta dhá shíorchur in íochtar gleann;
Is a chúilín donn deas ar chaill mé na mo stuaim leat
Nár fhágha tú na grásta mura n-éalfair liom.

Bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
Is ins an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó gur bhfuair mé oideachas agus léann ón Eaglais
Ach faraor cráite gur bhris mé thríd!
Is rímhór m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dom go dtiocfad saor,
Mar is mó mo pheacaí ná leath Chruach Phádraig
Mar geall ar an ngrá a thug mé d’iníon maoir.

Siúd í tharainn í an eala bhán dheas,
Is í chomh gléasta le bean ar bith;
‘S é trua mar a gineadh í i mbroinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis-se a rugadh í.
Is ní bun cíbe ná aon tulán timpeall
Ná gleanntán aoibhinn a mbíonn mo ghrá,
Nach mbíonn ceol dhá sheinm ann de ló ‘gus d’oíche
Go bhfóire Críost ar an gCasaideach Bán!

Aisling bhréagach a facthas aréir dhom
Is go rabhas i m’aonraic i leaba chlúimh
Nó go dtáinig an spéirbhean agus shín sí taobh liom,
Is ba deise féachaint ‘s a leagan súl.
Is bhí cúm mín cailce aici mar an choinneall ag léimnigh,
‘S a folt go féar léi ‘s ag fás go dlúth;
Bhí bhráid ba ghile aici ná an sneachta ar thaobh cnoic
‘S í a bhásaigh mé agus na céadta liom.

Aisling bhréagach a facthas aréir dom
Is gheit sí mé thrí lár mo shuain.
Go raibh ainnirín chaoin deas na gcíocha cruinn gheal
Sínte síos liom taobh ar thaobh.
Ach ar iompú tharam dhom go tapa lúfar
le bheith ar chúl uirthi a bhí tanaí tréan.
Ní bhfuair mé agam ann ach binn den tsúsa
Is d’fhág sin buartha mé le mo shaol.