Línseach Bhearna – Corn Uí Riada 2010

Línseach Bhearna

Ag goil ó Chasla aniar is mé lag tuirseach de mo thriall,
I mBearna ‘sea d’iarr mé áras.
Fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann cnó agus áirní.

Ó, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
‘S beidh airgead i stór an Mháistir,
Arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is ag amharc ar an ógfhear álainn.

Ó fíon is puins go leor a bhéas eadrainn ar bord,
Sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Siúd séan ar an oidhre óg nach bh’fanfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Tá loingis ag an Línseach a rinneadh ins an tír seo
De choillte is de chrainnte a d’fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach cruinn i bhfoirm cheart ‘s i gcaoi
Is beidh a ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?
Titfidh an dúiche uilig faoi smúit mar gheall air.
Is go ngabhfaidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha
Is na héanlaith, scaoilfidh siad a gclúmhach le fána.

An Línseach álainn úd a bhfuil na diamonds os a chomhair
A dtig iasc i chuile chuan mar gheall air,
Is gur deise gnúis a shúl ná na réalta maidin dhrúcht                     ‘Sé samhail dhó bláth na n-úll sa ngáirdín.