Tógfaidh mé mo sheolta – Sean Nós na mBan 2014

Téamaí

Tógfaidh mé mo sheolta

Tógfaidh mé mo sheolta go dobrónach ar maidin,
Ar thuairisc mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad.
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go rachaidh an fómhar chun finne
Is nach rí dheas an rud í an óige, i ndiaidh mo stóirín atá mise.

‘Mo dhilleachtín cráite a fágadh mé gan athair,
‘S dá mbeadh mo chliú i ndán dhom cé’n chás dhom a bheith folamh,
Cá bhfuil fear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
‘S nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná a ghoil ar aon chor go na flaithis.

‘S thuas i gciumhais an tSléibhe atá an péarla a bhíonns go mo mhealladh,
Sin é buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáthadh an gháire faoina hata,
Gheall sé go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala,
Ach ní léir dhom na cros bhóithrí ag na deora do mo dhalladh.

‘S tá fhios ag Dia dílis gur iomaí smaoineamh crua deacrach
A théanns trasna thrí m’intinn is mé mo chodladh ar mo leaba
Ach más tusa fhéin atá i ndán dom is gan cás agam a ghoil tharat
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta goil abhaile.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí ‘s airní is iad ag fás i mbarr cranna,
Is cuma liomsa céard a déarfas aon neach, ní hé mo chéadsearc a déarfas tada,
Más sí do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí amuigh ar leic an teallaigh.