Línseach Bhearna – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Línseach Bhearna

Ag goil ó Chasla aniar is mé lag tuirseach de mo thriall,
I mBearna ‘sea d’iarr mé áras.
Fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann cnó agus airní.

Ó, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
‘S beidh airgead i stór an Mháistir,
Arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is ag amharc ar an ógfhear álainn.

Ó fíon is puins go leor a bhéas eadrainn ar bord,
Sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Siúd séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Tá loingis ag an Línseach a rinneadh ins an tír seo
De choillte is de chrainnte a d’fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach cruinn i bhfoirm cheart ‘s i gcaoi
Is beidh a ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Nach mór an spóirt sa tír nuair a bhéas an chabhlach linn
Beidh a cuid slata seoil faoi shíodaí bána
Anois tá an chabhlacht cruinn, is tiocfaidh anall an Rí
Is beidh sé ar chuairt mhíosa i mBearna.

Céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?

Titfidh an dúiche uilig faoi smúit mar gheall air.
Is go ngabhfaidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha
Is na héanlaith, scaoilfidh siad a gclúmh le fána.

An Línseach álainn úd a bhfuil na diamonds os a chomhair
A dtig iasc i chuile chuan mar gheall air,
Is gur deise gnúis a shúil, ná na réalta maidin dhrúcht’
Sé a samhail dhó bláth na n-úll sa ngáirdín.

Is fásfaidh an chruithneacht fhéin ins an áit a siúlfidh sé,
Chomh fairsing is atá féar glas i mBearna;
Is gur gile a thaobh ná an t-aol is gur deirge a ghrua ná an chaor,
Nuair a aibíonn sí ar chraobh i ngleannta.

Tá iníon Rí na Gréige ag fáil bháis le cumha ina dhiaidh
Níor chodail a súil néal le trí ráithe.
Is gurbh é a dúirt briathra a béil gur aingeal é fhéin,
A bhíodh i gcomhluadar Mhic Dé na nGrásta.