Máire Inis Toirc – Sean Nós na mBan 2016
Amhránaí
Téamaí
Máire Inis Toirc
Is ó dhíbir na sagairt mé amach faoi na gleannta,
Tá mo chliú caillte is caithfidh mé rith;
Is ní phósfainn-se bean ar bith bhuaileadh le geall mé
Mar gur minic le ráithe gur chuir sí mé ag gol.
Ó, bhí mé ar oileán is ba fiáin an áit é,
Thug mé seársa thrí na lár soir,
Is dhearc mé an ainnir is labhair sí go fáiltiúil,
Séard dúirt sí ‘Céad fáilte nó cá bhfuil tú ag goil?
Ó seachrán na farraige a chuir as an áit mé
Ag tóraíocht mo bháidín a d’imigh le sruth.
‘S dá bhfanfadh sí agam bliain eile nó ráithe,
Bheadh fuath nó céad fáilte agam ó Mhaire Inis Toirc.
Ó leag sí anuas agam bord a raibh fíon air,
‘Éirigh i do shuí nó go n-ólfaidh muid deoch.
Tá lán buidéal agamsa is na gloineachaí líonta.’
‘S beidh paiste den oíche agam ar Mháire Inis Toirc.
Dhá dtéinnse go Gaillimh le Beairtlín an bádóir
Nach iomaí fear álainn a dhearcfadh a dress.
Las taobh an bhalla le neart tinte cnámha,
‘S gurb é síogaí na sráide a bhí faoina dhá cois.
Bhí asail is capaill is múilí ag rith rás ann
Bratachaí arda i mbarr gach cleith,
Is ag Carraig an Mhatail ‘sea d’fhógair sí pardún
Is éard dúirt sí ‘Ná báigí Máire Inis Toirc.’
Bhí pictiúr na corónach ar thosach a cóiste
Piostal ina póca is ceann lán ina glaic,
Popsaí den airgead is búclaí den ór buí,
Is cé déarfadh nach seoid í Máire Inis Toirc.