Na Buachaillí Bána – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Na Buachaillí Bána

Éirígí suas ná faillígí an uair
Tá an tseachtain anois ins an láthair.
Go scaoilfear na duail atá fite go crua
Is lasaimid coinneal do Mhártan.
Seasaidh le cliú is ná téigí ar gcúl
Go gcuirfidh muid fúinn gach garda
Biseach is bua go bhfaighidh muid go luath
Is go leaga Mac Duach ár namhaid.

Is nach fada le fán an charraig gan smál
Nach scoiltfidh go brách is nach bpléascadh,
Is a chruthú le fáil, ‘sé is ainm dhó Seán
Is gurbh é Peadar a ghearr an foundation.
Tá crann ina lár is a leigheas dhá lán
Is gurbh é Liútar a ghearr na foundations
Na suckers a d’fhás, críonadh a mbláth
Agus beidh siad ar lár más féidir.

Deinim impí ar mhnaoi nár pheacaigh ina saol
Agus m’achainí ar Rí gheal na ngrásta
Go bhfeice mé peelers lag marú sínte
Scaipeadh agus scaoileadh ar gharda.
Liberty tree cois balla chaon oích’
Ag lucht ribíní is tintreacha cnámha
Daly is Deely i mionú ar an tír,
Is a gceann i mbarr spíce in airde.

Dá dtuigeadh an saol nach mbeadh ann aon rí
Ach muid a bheith trína chéile
Bheadh mo shleá le mo thaobh is mo chlaíomh liom síos
Is mé ag ruaigeadh na nGall as Éirinn.
Bheadh Ruarcach Mhaigh Loch gan scolb gan scrath
Is Frank Kelly ag iarraidh na déirce
Parlaimint thart is Gaeil ar a gceart
Bheadh lucht ribíní in arm is in éide.

Is fada liom suas go gcloisfidh mé fuaim
An drumadóir a thiocfas ón Spáinneach
Go dtaga sé ar cuairt go Connacht anuas
Beidh lucht ribíní ag ól a shláinte.
Fuisce breá crua agus fíon folláin fuar
A bhéas againn ag ruaigeadh ár namhaid
Is cuirim ó Ruairc amach go dtí an dún
Is maireann dhá shluaite ar garda.