Bean a’ Leanna

Téamaí

Bean a’ Leanna

Agus éirigh i do shuí a bhean a’ leanna
Is ná fan le do chaipín a ghléas’
Nó go dtugadh tú dhom braon uisce beatha
Nó braon go do chuid leanna fhéin
Agus beimid ag ól go dtí an mhaidin
Seo sláinte na bhfear óg go léir
’S nuair a fhágfas an mháistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam fhéin.

Is a Thiarna céard a dhéanfas mé amáireach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ goil aniar,
Is gan goir agam a thíocht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh ‘gus ar a gáirí,
Is ar do dhá láimhín geal a bhí fial,
Óra titeann mo chroí istigh i ndólás,
Agus goileann mé go mór mór ina diaidh.

Is bhí mise tráthnóna ‘gus mé súgach
Is mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí streancán de shean phíobaire caoch ann
Agus jug poitín líonta aige ar chlár
Óra thiteamar lag marbh thíos ann
Ní raibh mothú inár gcorp ná inár láimh
Seo dhaoibhse féile ár sinsear
Agus íocfaidh mé fhéin an reicneáil.

‘S fada mo chosa gan bróga ‘gus is fada mo phócaí gan pingin
Ach is fuide mé bheith ag siúl le mná óga
Ach níor ól mé aon deor fós le mo mhian
Is fada mo chónra dhá déanamh
Is mo chróchar dhá breacadh ag na saoir
Mo chónra á déanamh lá earraigh
‘S na buachaillí óga ag goil faoi.

‘Gus shiúil mise sléibhte ‘gus gleannta
Agus cnoic a bhí géar as a mbarr
Is a lán bealaí eile nach ndéarfainn
Gan unsa ar bith céille i mo cheann
Ar thuairisc mo stáidbheanín bhéasach
Go sínfinn mo thaobh léi go brách
Go mba chóir dhi a bheith ina codladh taobh thuas dhíom
Ná a bheith i gConga dhá uair roimh an lá.