Fiabhras Tintí an Ghrá – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Fiabhras Tintí an Ghrá

Ní ar shliabh nó ar chíbleach atá mo mhiansa
Ná ar thallta míne mar mbíonn meas is bláth
Bí an chuach ag glaoch ann ar bharra craobh ann
Bí cruinneacht maol ann agus coirce bán
Bí an t-uan is an laoi ann is na bric ina scaoth ann
Bíonn an eala is aoibhne ar an loch ag snámh
‘S bíonn an bheach chomh críonna is go mbíonn a h-áras líonta
Le mil ag taomadh ag mo mhuirnín bán.

Nó tá mé chomh tinn is nach dtig liom inse,
Le feabhras tintrí mar gheall ar ghrá
Is gurb ag mo mhuirnín donn deas atá an péire cruinn-chíoch
Mar a bheadh ar fhaoileán ar loch ag snámh
Nuair a bhíos mo ghrá-sa ag siúl na sráide
Bíonn aoibh an gháire uirthi le gach uile aon
Is gur ina brollach bán atá an cúpla páirteach
Mar a bheadh dhá fhainleog ar nead ina luí.

Is aoibhinn Cor-Shliabh i dtús an Gheimhridh
Ní bhíonn leac-oighear ann nó an sneachta aduaidh
Is ceolmhar traon ann an chuach is an lon dubh
I mbarra coillte ins an duilliúr rua
Is binn guth gadhar ann ag tóraíocht eilite
Is an fia san am sin is í ag siúl
Is gur leat a chíntear in gach sruth glan aibhne
Mar a bheadh an bradán fionngheal is an breac ar lúth.

Ná dhéanfainn m’éagnach leatsa, a chéad searc
Dá measfainn fhéin go mbeadh maith dom ann
Mar is tú a réab mo chroí ó chéile
‘S d’fhág na néalta seo tríd mo cheann.
A mhaighdean bhéasach na malaí caola
Is na gcurcán gléigeal atá fáinneach fionn
Ag triall do m’fhéachaint agus mé in éagruas,
Is beidh beannacht Dé duit go brách dá chionn.