An Bínsín Luachra – Sean Nós

Téamaí

An Bínsín Luachra

Bhí mé maidin uaigneach s’mé súil síos fá bhruach na trá
Bhí mo choin agam go huaibhreach a’ gabháilt agus gunna i mo láimh
Nuair a casadh orm an stua bhean a ba chumhra ‘s ba deise a scáil
Agus ábhar binse bainte aici den luachair is deise bláth.

‘A cháilín bhig na luachair is trua liom do bheart ar lár
‘S dá dtigeá liom ar uaigneas faoi bhruach na coille is déise bláth
Sagart ní bhfaigh scéal air nó éinneach bhfuil beo i gcríocha Fáil
Nó go dtagfaidh caint don chéirseach agus Gréigís don ladhrín trá.

‘Ní mheallfaidh tú mé a bhuachaill le do chluainíocht ‘s níl maith duit ann
‘S a liachtaí cailín stuama ag iompair ualaigh is gan tú le fáil
Nó bhfearr liom baint na luachra ‘s dá tuargan go lá mo bháis
Ná do leanbh a bheith ar mo ghualainn a iompair ‘s gan tú le fáil.