Mo Chreach a Shiúir – Corn Uí Riada 2014

Mo Chreach a Shiúir -Corn Uí Riada 2014

Mo chreach, a shiúir, gan mé ‘gus tú
I gCúige Mumhan in éineacht
Nó ins a’ Triúcha maidin drúchta
‘S gan fios ár rúin ag aon neach
Ag baint an t-sú craobh maidin chiúin
‘Baint cnó ‘gus ullaí de ghéaga
‘S gan de leabaidh fúinn ach féar is caonach
‘Gus duilliúir cumhra mar éadach.

Beirim móide de mhnáibh na Fódhla
Nuair ‘s bréaga a ba chóir a chur in iúl dóibh
An darna móide le cailín óg dheas
A leigfeadh a clóca ar a súilibh
An tríú móide gan fiú na póga
Nach dtabharfainn daoibh mar dhúthracht
An ceathrú móide gan scaradh leobhtha
Go dtige bás do mo chuartú.

Ná tabhair do mhóide choíche go deo
Do mhaighre mhodhmhar na mbán chíoch
‘S gur eadar do dhá lámh ba dhá céad fearr liom
Ná a bheith i bPárrthas naofa.
Ach is amhlaidh atá, bhéarfainn searc agus grá duit
A ligtheá ar gcúl do thréithrí
‘S go bhfuil cách á rá liom go suífinn thar clár
‘S gan bonn in do lámh ná an racán.

Ó bhéarfainn duit páirt níos binne ná ‘n cláirseach
Go dtige an bás is go n-éagaim
Agus seo mo láimh duit go bhfuil mé i ngrá leat,
Is cha déanaim d’athrú mar chéile.
Mar an eala bhán ar an loch ag snámh
Tá do phíob is do bhráid, a chéad searc
Sé mo chreach is mo chrá nach bhfuil mé is tú dálta
I ngleanntán fásaigh nó sléibhe.